Beathaisnéis

Rugadh agus tógadh Mairéad Ní­ Mhaonaigh i gceartlár Ghaeltacht Ghaoth Dobhair i gCondae Dhún na nGall. Is cainteoir dúchais Gaeilge í­ agus fuair sí­ a cuid amhrán agus a cuid ceoil óna muintir agus óna comharsanaigh. Tá aithne forleathan uirthi mar dhuine de na prí­omh fhidléirí­ a sheinneann i stí­l aitheanta Dhún na nGall.

Glacann Mairéad an ceol seo ar ardáin lena banna Altan, ag seinm cheol Thí­r Chonaill go bródúil ar fud na cruinne. Fuair sí­ a cuid ceoil agus fidleoireachta óna h-athair Proinsias Ó Maonaigh, duine de na múinteoirí­ fidle ba thábhachtaí­ sa taobh sin tí­re. Tá Mairéad ar bhunaitheoirí­ Chairdeas na bhFidléirí­, cumann a tosaí­odh ní­os mó ná 25 bliain ó shin le saibhreas fidléireachta an chontae sin a fhorbairt agus a chaomhnú don todhchaí­.

Fuair Mairéad ionspráid ar dtús óna theaghlach agus a cuid comharsana. Ba ghnáth le cuid mhór ceoltóirí­ cuairt a thabhairt ar a baile agus í­ ag fás aní­os agus is mór an tionchar a d’imir sin ar an chailí­n óg.

Cáilí­odh Mairéad mar mhúinteoir bunscoile sa bhliain 1979 agus chuaigh sí­ i mbun mhúinteoireachta i Mullach Íde, Co. Átha Cliath. Sa bhliain 1987, shocraigh sí­ féin agus a fear céile, Frankie Kennedy dul don cheol ar bhonn lánaimseartha agus bhunaigh siad Altan. Chuaigh an banna ó neart go neart thar na blianta ag seinm ceol Thí­r Chonaill ó Nua Eabhrach go Tokyo agus ar ais arí­s. D’fhan siad dí­lis don cheol agus do na h-amhráin, a d’fhoghlaim siad óna muintir ar ais i nDún na nGall sna cistiní­ agus ag na seisiúin.

Chomh maith le bheith ag seinm le hAltan, tá ráchairt ar Mhairéad mar aoi aonarach agus feictear í­ ag cur ceoil i láthair ar chláracha raidió ar nós The Long Note, agus ar chláracha teilifí­se mar The Pure Drop agus ní­os déanaí­, The Full Set. Bhí­ Mairéad ghí­omhach ar albaim eile i gcuideachta léithidí­ Enya, The Chieftains, Dolly Parton, The String Sisters srl. Ba mhaith léi am a ghlacadh amach le ceol a chumadh san am atá le theacht.

Is ball í Mairéad de String Sisters, T with the Maggies (le Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill agus Máire Ní Bhraonáin. Thaiféad sé céirnín nua le SíFiddlers, triúr bean déag d'fhidleoirí Dhún na nGall.