Ag Foghlaim le do Chluas
Tá a fhios againn uilig go bhfuil ceoil anseo le h-éisteacht leis.
Is táithí eisteachta é, a spreagann duine , a thógann croíthe agus a thugann sólas dom éisteoir.
Nuair a theagascaim an fhidil, ní úsaidim nodaireacht cheoil, d’aon ghnó.
Chan é nach bhfuil ar mo chumas sin a dhéanamh, ach a mhalairt ar fad, is eascaí a bheadh mó shaol, ligint do scoláirí léamh leo.
Ó mo tháithí ,thar na blianta, ag teagasc ceol rince Dhún na nGall, feicim go mbíonn rithim agus soghluaiseacht an cheol marbh gan spiorad nuair a bhíonn scoláirī ag léamh an cheoil.
Sílim go gcaithfidh an scoláire and ceol a shú isteach san inchinn, agus ligint do luī ansin agus éirigh eolach air agus ansin é a sheinnt, in áit a bheith leath ag éisteacht, leath a léamh amuigh ar phíosa pháipeár.Go minic sa chás sin, ní fhágann an scoiláire nó an ceol an páipeár sin achan oiread agus ní bhíonn siad abalta seinm go neamhspléach gan an nodaireacht os a gcomhair.
Níl mé ag maíomh gan ceol nodaireacht a fhoghlaim, is cinnte go bhfuil buntaistí airithe leis ag amanna áirithe.
Ach tá mise ga caint ar cheol tradisiúnta anseo, a bhfuil doimhneacht agus mothúcháin ann a tháinig anuas chugainn ó ghlún go glún.
Tá miondhifrīochtaí beaga agus mothúcháin sna poirt nach féidir a scriobh go beacht i nodaireacht an cheoil.
Is rud pearsanta é.
Is rud orgánach agus nadúrtha é.
Bá mhór an trua gan a thuigbheál i gceart.
Is ceol tradisiúnata é seo a sheinntear do rincí, agus le daoine a mhealladh chun damhsa caithfear sruth agus rithim a bheith sa cheol.
Caithfear na croíthe a thógailt agus ardú meanma a thabhairt don lucht éisteachta.
Níl mé ag maíomh go beith sin uilig a gheobhas tú óna ceachtanna fidle seo, ach b’fhéidir go dtreorfaidh sé tú an treo sin.
Thar aon ni eile, tá súil agam go mbainfidh tú tairbhe as na ceachtanna seo agus go dtógfar d’uchtach an fhidil a sheinm gan nodaireacht cheoil go poibli agus sult a bhaint as.