Mairéad Ní Mhaonaigh Rugadh agus tógadh Mairéad Ní Mhaonaigh i gceartlár Ghaeltacht Ghaoth Dobhair i gCondae Dhún na nGall. Is cainteoir dúchais Gaeilge í agus fuair sí a cuid amhrán agus a cuid ceoil óna muintir agus óna comharsanaigh. Tá aithne forleathan uirthi mar dhuine de na príomh fhidléirí a sheinneann i stíl aitheanta Dhún na nGall. Glacann Mairéad an ceol seo ar ardáin lena banna Altan, ag seinm cheol Thír Chonaill go bródúil ar fud na cruinne. Fuair sí a cuid ceoil agus fidleoireachta óna h-athair Proinsias Ó Maonaigh, duine de na múinteoirí fidle ba thábhachtaí sa taobh sin tíre. Tá Mairéad ar bhunaitheoirí Chairdeas na bhFidléirí, cumann a tosaíodh níos mó ná 25 bliain ó shin le saibhreas fidléireachta an chontae sin a fhorbairt agus a chaomhnú don todhchaí. Fuair Mairéad ionspráid ar dtús óna theaghlach agus a cuid comharsana. Ba ghnáth le cuid mhór ceoltóirí cuairt a thabhairt ar a baile agus í ag fás aníos agus is mór an tionchar a d'imir sin ar an chailín óg. Cáilíodh Mairéad mar mhúinteoir bunscoile sa bhliain 1979 agus chuaigh sí i mbun mhúinteoireachta i Mullach Íde, Co. Átha Cliath. Sa bhliain 1987, shocraigh sí féin agus a fear céile, Frankie Kennedy dul don cheol ar bhonn lánaimseartha agus bhunaigh siad Altan. Chuaigh an banna ó neart go neart thar na blianta ag seinm ceol Thír Chonaill ó Nua Eabhrach go Tokyo agus ar ais arís. D'fhan siad dílis don cheol agus do na h-amhráin, a d'fhoghlaim siad óna muintir ar ais i nDún na nGall sna cistiní agus ag na seisiúin. Chomh maith le bheith ag seinm le hAltan, tá ráchairt ar Mhairéad mar aoi aonarach agus feictear í ag cur ceoil i láthair ar chláracha raidió ar nós The Long Note, agus ar chláracha teilifíse mar The Pure Drop agus níos déanaí, The Full Set. Bhí Mairéad ghíomhach ar albaim eile i gcuideachta léithidí Enya, The Chieftains, Dolly Parton, The String Sisters srl. Ba mhaith léi am a ghlacadh amach le ceol a chumadh san am atá le theacht. Láinseáil Mairéad a chéad albam aonarach, 'Imeall', in 2009 a thoill ainmníodhchán do ghradaim Meteor Ireland di. In 2010, ainmníodh Mairéad mar Donegal Person of the Year ag an Donegal Association i mBaile Átha Chliath. Bhunaidh Mairéad, le Moya Brennan, Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill T with the Maggies. Tháinig an chéad albam ón ghrúpa amach in 2010, agus ainmníodh mar Albam na Bliaina é ag Hot Press Magazine. Foilsíodh an chéirnín in 2011 sna Stáit Aontaithe ag Compass Records. Eolas: Suíomh: www.mairead.ie Teagmhálaí Preasa: Angela McLaughlin info@mairead.ie Tá íomhanna preasa ar fáil ar shuíomh Mhairéid: www.mairead.ie/press/